Iób 28 ABN

Iomann don Eagna

1 Tá mianach ann don airgeadAgus tine ann leis an ór a ghlanadh.

2 Tógtar iarann as an talamh,Agus tagann copar ón gcloch leáite.

3 Cuireann an duine deireadh le dorchadas.Déanann sé an charraig dhorcha dhubhach a pholladhSíos go híochtar agus go grinneall.

4 Déanann muintir an lampa mianaigh a thochailt,In áiteanna atá gan teannta don chois,Agus bíonn siad ar cheann téide i gcéin ó dhaoine.

5 An talamh as a dtagann an t‑arán,Déantar é a chreachadh laistíos le tine.

6 Is leaba saifírí a chlocha,Agus ór is luaithreach aige.

7 Níl eolas na slí ag an éanlaith chreiche,Agus ní fhaca súil na baidhbhe í.

8 Níor ghabh na hainmhithe maorga an cosán sin,Ná níor leag an leon a chosa air.

9 Leagann an duine a lámh ar an mbreochloch,Agus iompaíonn sé na cnoic bunoscionn.

10 Gearrann sé tolláin trí na carraigeacha,Agus é ag faire amach do gach sort seoide.

11 Cuardaíonn sé foinsí na n‑aibhneacha,Agus nochtann don saol a mbíonn i bhfolach.

12 Ach an eagna, cá bhfuil sí le fáilAgus cá bhfuil teacht ar an tuiscint?

13 Ní eol don duine an bealach chuici,Agus ní bhfaightear í i dtír na mbeo.

14 Deir an duibheagán: “Níl sí ionamsa,”Agus an fharraige: “Níl sí faramsa.”

15 Ní féidir í a cheannach ar ór,Ná díol aisti le meáchan airgid.

16 Ní féidir luach a chur uirthi de réir ór Óifír,Ná de réir oinisce ná saifíre lómhaire.

17 Níl dul ag ór ná ag gloine uirthi,Ná ní féidir soithí óir fhíre a mhalartú uirthi.

18 Ní fiú cuireal ná criostal a lua -I gcóimheas léi ní fiú péarla an t‑iascach.

19 Tópás na hAetóipe ní ionann agus í,Ná ní féidir í a mheas leis an ór fíre.

20 Ach inis dom, cad as don eagna?Agus cá bhfuil an tuiscint le fáil?

21 Tá sí i bhfolach ó shúile na mbeo go léir,Agus ceilte ar éanlaith an aeir.

22 Deir Abadón agus an Bás:“Ní bhfuaireamar ach clos tráchta uirthi.”

23 Ag Dia amháin is fios a cosán,Agus dó is eol a háit lonnaithe.

24 Mar tá radharc aige go imill na cruinne,Agus feiceann sé gach ní faoin spéir go léir.

25 Nuair a thug sé a meáchan don ghaoth,Agus a thomhais sé toirt na n‑uiscí,

26 Nuair a leag sé síos reacht don bháisteach,Agus cosán le leanúint don toirneach,

27 Bhí radharc aige uirthi, agus cheap sé a fiúntas;Thug breith uirthi agus ghrinnscrúdaigh í.

28 Agus dúirt sé leis an duine:“Féach, eagla an Tiarna an eagna,Agus an t‑olc a sheachaint is ea an tuiscint.”

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24 25 26 27 28 29 30 31 32 33 34 35 36 37 38 39 40 41 42