Iób 27 ABN

1 Agus lean Iób air lena aitheasc agus dúirt:

2 Dar Dia beo a bhain díom mo cheart,Agus dar an Uilechumhachtach a chuir gruaim ar m'anam,

3 Fad tá an dé ionam,Agus spiorad Dé i mo pholláirí,

4 Ní labhróidh mo bheola focal éithigh go brachNá ní thiocfaidh bréag as mo bhéal!

5 Gura fada uaim a admháil go bhfuil tú sa cheart!Go lá mo bháis ní shéanfaidh mé m'ionracas.

6 Seasaim ar fhód m'fhíréantachta, agus ní bhogfaidh mé.Níl ábhar gearáin ag mo choinsias orm de bharr mo shaoil.

7 Droch-chríoch ar m'eascara, dála an urchóidigh,Agus ar mo namhaid, dála an éagráifigh.

8 Óir cén dóchas atá ag an aindiaga ag [guí] dó,Agus ag ardú a anama chun Dé?

9 An n‑éistfidh Dia lena ghlaoNuair a thagann an mí-ádh sa mhullach air?

10 An é an tUilechumhachtach is gean leis?An gcuireann sé a ghuí i gcónaí chun Dé?

11 A mhalairt! Taispeánfaidh mé daoibh cé mar oibríonn cumhacht Dé,Gan aon chuid de bheartais an Uilechumhachtaigh a cheilt.

12 Dá dtuigfeadh sibh féin go léir iad,Ní chuirfeadh sibh bhur n‑anáil amú ar bhriathra baotha.

An Mac Mallachtan

13 Sé seo atá i ndán ag Dia don choirpeach,Agus an oidhreacht a bhronnann an tUilechumhachtach ar an tíoránach.

14 Dá líonmhaire iad a chlann mhac, sé an claíomh is dán dóibh;Agus beidh a sliochtsan ar an ngannchuid bia.

15 Déanfaidh an bás an mhuintir a bheidh fágtha a adhlacadh,Agus ní dhéanfaidh a mbaintreacha olagón.

16 Cruinníodh sé airgead mar luaithreach,Agus cnuasaíodh sé éadach mar chré.

17 Bíodh aige! Ach is duine cóir a chaithfidh,Agus roinnfear a chuid airgid ar an muintir ionraic.

18 Thog sé nead damhán alla dó féin,Agus seantán fhear faire.

19 Luíonn sé síos saibhir, ach ní bheidh sé amhlaidh arís,Nuair a dhúiseoidh sé beidh gach ní imithe.

20 Tiocfaidh uafáis sa mhullach air mar thuile,Agus fuadóidh stoirm é san oíche.

21 Ardóidh an ghaoth anoir ón talamh é, agus béarfaidh sí léi é,Sciobfaidh sí é óna áit chónaithe.

22 Déanfar sprioc lámhaigh de gan trua ná taise;Caithfidh sé teitheadh ó lucht a bhagartha.

23 Buailfear bosa nuair a leagfar ar lár é,Agus beifear ag drannadh air ó gach aird.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24 25 26 27 28 29 30 31 32 33 34 35 36 37 38 39 40 41 42