Iób 31 ABN

Iób á Chosaint Féin

1 Rinne mé margadh le mo shúile,Nach ndéanfaidís moill ag amharc ar mhaighdean.

2 Cén roinn a dheonaíonn Dia ó neamh?Cén oidhreacht a bhronnann an tUilechumhachtach ó na flaithis?

3 Nach tubaiste ar an gcoirpeach?Agus mí-adh ar lucht na hurchóide?

4 Nach bhfeiceann sé mo bhealaíAgus nach n‑áiríonn sé mo choiscéimeanna?

5 An raibh mé cois ar chois leis an mbreag?Nó ar sodar i ndiaidh na calaoise?

6 Déanadh sé mé a mheá sa mheá ionraic,Agus bíodh m'fhíréantacht ar eolas ag Dia!

7 Má chuaigh mo chos i leataobh ón mbealach,Nó má lean mo dhúil mo shúil,Nó má thóg mé aon ní i mo ghlac,

8 Go gcuireadsa an síol ach go mbaine duine eile an fómhar;Go ndéantar mo shliocht a stoitheadh ar shiúl!

9 Má mealladh mé riamh ag bean,Nó má fhan mé ag faire ag doras mo chomharsan,

10 Go meile mo bhean a phlúr do dhuine eile,Agus go gcodlaí sí faoi bhraillín nach liomsa.

11 Ba pheaca drúise é sin,Coir le [díolt ag an dlí],

12 Coir a d'adhnfadh tine a loscfadh go hAbadón.Agus a dhófadh m'fhómhar go léir.

13 Dá ndiúltóinn do cheart mo dhaoráinNó mo dhaoirsí, nuair a bhíodar ag aighneas liom,

14 Cad a dhéanfainn nuair a d'éireodh Dia?Cad déarfainn nuair a dhéanfadh sé fiosrú?

15 An té a rinne mise sa bhroinn, nach ndearna sé iadsan freisin?Nach é an [Dia] céanna a rinne sinn go léir i mbolg ár máthar?

16 Ar dhiúltaigh mé don bhocht aon ní a bhí de dhíth air?Ar chuir mé gruaim ar shúile na baintrí?

17 Ar chaith mé mo chuid bia liom féin,Gan cuid a thabhairt don dílleachta?

18 Óir bhí [Dia] mar athair agam do m'oiliúint ó m'óige,Agus threoraigh sé mé ó bhroinn mo mháthar.

19 An bhfaca mé riamh ainniseoir gan éadach,Nó fear bocht gan bhrat,

20 Agus gan é do mo bheannú ó chroí,Agus lomra mo chaorach á théamh?

21 Ar ardaigh mé mo lámh in aghaidh an [neamhchiontaigh],Le barr muiníne as mo dhea-mheas ag an ngeata?

22 Má rinne mé amhlaidh, go dtite mo ghualainn ó mo shlinneán,Agus go stractar mo ghéag as alt!

23 Óir thiocfadh uafás Dé anuas orm,Agus ní sheasóinn an fód i láthair a mhórgachta.

24 Ar chuir mé mo mhuinín san ór?Nó ar dhúirt mé leis an ór fíre: “Is tú mo thaca.”

25 Ar mhaígh mé as flúirse mo mhaoine?Nó as an raidhse a ghnóthaigh mé i mo ghlac?

26 Nuair a chonaic mé an ghrian ina glóir,Nó niamh na gealaí ina cúrsa,

27 Ar mealladh mo chroí os ísealIs gur chaith mé póg ó mo láimh leo?

28 Ba choir é sin leis a bheadh le díolt ag an dlí -Mé a shéanadh Dé in airde.

29 Ar bhain mé taitneamh as mí-ádh mo namhad,An ndearna mé lúcháir nuair a bhuail an tubaiste é?

30 Cé nár lig mé do mo theanga aon olc a dhéanamh,Á mhallachtú nó ag guí dianbhás do.

31 Nár dhúirt lucht mo bhotha:“An bhfuil aon duine nach bhfuair a sháith dá fheoil?”

32 Níor ghá do dheoraí riamh codladh sa tsráid;Bhí mo dhoras riamh ar leathadh don [taistealaí].

33 Ar cheil mé riamh mo chionta [ó dhaoine]?Agus ar chuir mé m'urchóid i bhfolach i mo chliabh?

34 An raibh eagla orm riamh roimh chúlghearradh an phobailNó scéin roimh fhonóid ón aon teaghlach?

35 Uch gan [Dia] le héisteacht liom!Tá deireadh ráite agam, ó A go U; freagraíodh an tUilechumhachtach mé.

36 Nuair a bheidh a scrolla scríofa ag mo chúisitheoir i mo choinne,Caithfidh mé ar mo ghualainn é,Nó cuirfidh mé ar mo cheann é mar choróin;

37 Tabharfaidh mé cúntas ar gach beart de mo shaol,Agus rachaidh mé go fearúil, mar thaoiseach, ina araicis.

38 Má ghlaoigh mo chuid talún i m'aghaidh,Agus go raibh gach clais ar snámh le deora,

39 Má ith mé a thoradh gan díol as,Nó má thug mé cúis ghearáin do lucht a shaothraithe,

40 Go bhfása sceacha mar a mbíodh an chruithneacht,Agus fiailí nimhneacha mar a mbíodh an eorna.(Sin críoch ar bhriathra Iób.)

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24 25 26 27 28 29 30 31 32 33 34 35 36 37 38 39 40 41 42