11 Chuir tú brat craicinn agus feola tharam,Agus dhlúthaigh tú mé le cnámha agus le féithleoga;
12 Bhronn tú beatha agus buanghrá ormAgus caomhnaigh tú m'anam le barr cúraim.
13 Chuir tú an méid sin i bhfolach i do chroí,Is eol dom gurbh é seo a bhí beartaithe agat:
14 Dá ndéanfainn peaca, súil a choinneáil ormAgus gan mo choir a mhaitheamh dom.
15 Dá mbeinn peacúil, mo mhairg mé!Dá mbeinn neamhchiontach, ní ardóinn mo cheann,Ach mé lán de tharcaisne, agus ar meisce na bpianta.
16 Má dhéanaim mé féin a mhóradh, téann tú sa tóir orm mar leon,Agus déanann tú iontais nua i m'aghaidh.
17 Tugann tú finnéithe nua i mo choinneAgus méadaíonn tú do mhíshásamh liom.Saothar dian mar thuarastal arís is dán dom.