14 Dá ndéanfainn peaca, súil a choinneáil ormAgus gan mo choir a mhaitheamh dom.
15 Dá mbeinn peacúil, mo mhairg mé!Dá mbeinn neamhchiontach, ní ardóinn mo cheann,Ach mé lán de tharcaisne, agus ar meisce na bpianta.
16 Má dhéanaim mé féin a mhóradh, téann tú sa tóir orm mar leon,Agus déanann tú iontais nua i m'aghaidh.
17 Tugann tú finnéithe nua i mo choinneAgus méadaíonn tú do mhíshásamh liom.Saothar dian mar thuarastal arís is dán dom.
18 Cén fáth gur thug tú ón mbroinn mé?Uch nár éag mé, gan súil a leagan orm,
19 Agus bheith amhail is nach raibh mé ann riamh,Do mo bhreith ó bhroinn go huaigh.
20 Nach suarach iad laethanta mo bheatha?Lig dom le go mbeadh greas aoibhnis agam,