9 Cuimhnigh go ndearna tú mé den chréAgus an ndéanfaidh tú cré arís díom?
10 Nár dhoirt tú amach mé mar bhainneAgus nár théachtaigh tú mé mar dhéanfá cáis?
11 Chuir tú brat craicinn agus feola tharam,Agus dhlúthaigh tú mé le cnámha agus le féithleoga;
12 Bhronn tú beatha agus buanghrá ormAgus caomhnaigh tú m'anam le barr cúraim.
13 Chuir tú an méid sin i bhfolach i do chroí,Is eol dom gurbh é seo a bhí beartaithe agat:
14 Dá ndéanfainn peaca, súil a choinneáil ormAgus gan mo choir a mhaitheamh dom.
15 Dá mbeinn peacúil, mo mhairg mé!Dá mbeinn neamhchiontach, ní ardóinn mo cheann,Ach mé lán de tharcaisne, agus ar meisce na bpianta.