1 Ansin d'fhreagair Iób agus dúirt:
2 Sibhse gan amhras lucht na tuisceana,Agus gheobhaidh an eagna bás libhse!
3 Ach tá tuiscint agamsa chomh maith libh,Agus níl an tosach agaibh orm,Agus, ó luaigh mé é, cé dó nach eol sin?
4 Is ceap magaidh mé do mo chairde,Mar glaoim ar Dhia agus súil agam le freagra!Níl san fhíréan gan locht ach ceap magaidh.
5 An té atá ar a shuaimhneas níl ach drochmheas aige ar an ainnise,Agus sonc don té a fuair barrthuisle.
6 Tá an rath ar bhothanna na ladrann;Níl baol ar lucht Dia a ghriogadh,An mhuintir a rinne dia de neart a lámh.