11 Nach ndéanann an chluas na briathra a phromhadhAgus an carball an bia a bhlas?
12 Leis an tseanaois a ghabhann an eagnaAgus an chríonnacht le síneadh na mblianta.
13 Is i [nDia] atá eagna agus cumhacht,Is aige atá comhairle agus tuiscint.
14 Má leag sé anuas, níl tógáil i ndán;Má chuireann sé duine i ngéibheann, níl fuascailt ann dó;
15 Má stopann sé na huiscí, téann siad i ndísc;Má scaoileann sé leo, bánn siad an talamh.
16 Tá neart ann agus teacht aniar;Is leis an dul amú agus an cur amú;
17 Fágann sé comhairleoirí ag siúl cosnochtaAgus breithiúna ina n‑amadáin.