14 Má leag sé anuas, níl tógáil i ndán;Má chuireann sé duine i ngéibheann, níl fuascailt ann dó;
15 Má stopann sé na huiscí, téann siad i ndísc;Má scaoileann sé leo, bánn siad an talamh.
16 Tá neart ann agus teacht aniar;Is leis an dul amú agus an cur amú;
17 Fágann sé comhairleoirí ag siúl cosnochtaAgus breithiúna ina n‑amadáin.
18 Scaoileann sé crios na rítheAgus ceanglann brat íochtair faoina gcoim.
19 Fágann sé sagairt ag siúl cosnochtaAgus leagann ar lár na huaisle.
20 Ní fhágann sé focal ag na soilbhire,Agus sciobann ar shiúl gaois na seanóirí.