7 Ní gá duit ach ceist a chur ar na hainmhithe agus cuirfidh siad ar an eolas thú!Nó ar éanlaith an aeir agus múinfidh siad thú;
8 Nó labhair leis an talamh, agus inseoidh sé duit,Agus tabharfaidh iasc na farraige eolas duit.
9 Céard é ina measc seo go léir nach eol dóGurb é lámh Dé a rinne é seo go léir?
10 Tá anam gach dúile beo ina ghlaic,Agus anáil anama an chine dhaonna.
11 Nach ndéanann an chluas na briathra a phromhadhAgus an carball an bia a bhlas?
12 Leis an tseanaois a ghabhann an eagnaAgus an chríonnacht le síneadh na mblianta.
13 Is i [nDia] atá eagna agus cumhacht,Is aige atá comhairle agus tuiscint.