1 Féach! Chonaic mé é sin go léir le mo shúile cinn!Chuala mo chluas é, agus thug mé aird air.
2 An ní is eol daoibhse, is eol domsa freisin;Níl an tosach agaibh orm!
3 Ba mhian liom labhairt leis an Uilechumhachtach;B'áil liom áiteamh le Dia.
4 Maidir libhse, níl ionaibh ach lianna bréige;Lucht leighis gan tairbhe sibh go léir!
5 Uch nach gcoimeádfadh sibh bhur mbéal dúnta!Ba chríonna an mhaise daoibh é!
6 Éistigí anois, le bhur dtoil, le mo ghearán,Agus tugaigí aird ar na hargóintí ó mo bhéal: