11 Nach gcuirfidh a mhórgacht scanradh oraibh?Agus nach dtitfidh a uafás sa mhullach oraibh?
12 Níl in bhur seanfhocail ach nathanna luaithrí,Agus freagraí cré bhur bhfreagraí!
13 Cuirigí uaibh! Ligigí dom agus labhróidh mise freisin,Is cuma cad a thiocfaidh as dom!
14 Cuirfidh mé m'anam i gcúl mo dhoirn,Agus rachaidh mé sa seans leis!
15 Maraíodh sé mé más áil leis, níl de dhóchas agamAch mo bhealaí a chosaint ina láthair.
16 Sé a bheidh mar shlánú agam,Nach coirpeach atá ag teacht os a chomhair.
17 Tugaigí aird ar a bhfuil le rá agam,Agus cluas ghéar do mo bhriathra: