14 Cuirfidh mé m'anam i gcúl mo dhoirn,Agus rachaidh mé sa seans leis!
15 Maraíodh sé mé más áil leis, níl de dhóchas agamAch mo bhealaí a chosaint ina láthair.
16 Sé a bheidh mar shlánú agam,Nach coirpeach atá ag teacht os a chomhair.
17 Tugaigí aird ar a bhfuil le rá agam,Agus cluas ghéar do mo bhriathra:
18 Féach, dá bhféadfainn mo chúis a agairt,Tá a fhios agam gur mise a thiocfadh slán.
19 Cé rachaidh chun aighnis liom?Mar is gearr go mbeidh mé i mo thost agus in éag.
20 Deonaigh dhá achainí dom, sin uile,Agus ansin ní rachaidh mé i bhfolach ó do ghnúis.