3 Ba mhian liom labhairt leis an Uilechumhachtach;B'áil liom áiteamh le Dia.
4 Maidir libhse, níl ionaibh ach lianna bréige;Lucht leighis gan tairbhe sibh go léir!
5 Uch nach gcoimeádfadh sibh bhur mbéal dúnta!Ba chríonna an mhaise daoibh é!
6 Éistigí anois, le bhur dtoil, le mo ghearán,Agus tugaigí aird ar na hargóintí ó mo bhéal:
7 An ndéanfaidh sibh cúis Dé a chothú le héitheach,Agus bréag a insint ar a shon.
8 An mbeidh sibh ag déanamh leathchuma ar a shon?An mbeidh sibh mar abhcóidí aige?
9 An mbeidh an scéal ar fónamh nuair a dhéanfaidh sé sibh a phromhadh?An meallfaidh sibh eisean, mar a mheallfaí daoine?