8 An mbeidh sibh ag déanamh leathchuma ar a shon?An mbeidh sibh mar abhcóidí aige?
9 An mbeidh an scéal ar fónamh nuair a dhéanfaidh sé sibh a phromhadh?An meallfaidh sibh eisean, mar a mheallfaí daoine?
10 Déanfaidh sé sibh a cheartú gan amhras,Má dhéanann sibh leathchuma faoi cheilt.
11 Nach gcuirfidh a mhórgacht scanradh oraibh?Agus nach dtitfidh a uafás sa mhullach oraibh?
12 Níl in bhur seanfhocail ach nathanna luaithrí,Agus freagraí cré bhur bhfreagraí!
13 Cuirigí uaibh! Ligigí dom agus labhróidh mise freisin,Is cuma cad a thiocfaidh as dom!
14 Cuirfidh mé m'anam i gcúl mo dhoirn,Agus rachaidh mé sa seans leis!