12 Cén fáth a mbaineann do racht de do bhonna thú?Agus go bhfuil faghairt i do shúile?
13 A rá is go dtugann tú aghaidh do chaoraíochta ar DhiaAgus go scaoileann tú focail mar sin as do bhéal.
14 Céard é an duine go mbeadh sé íon?Agus gin na mná go mbeadh sé fíréanta?
15 Féach, ní chuireann Dia a mhuinín ina neacha naofa,Ná ní íon iad na spéartha ina radharc.
16 Nach lú ná sin an duine, atá bréan gráiniúil,Agus a shlogann an urchóid mar dheoch uisce?
17 Éist liom, tá ceacht agam duit,Agus inseoidh mé duit cad a chonaic mé:
18 Cad deir lucht gaoise,Agus nár cheil a sinsir,