19 Ar dóibh amháin a tugadh an talamh,Agus nár ghabh aon deoraí ina measc:-
20 I gcaitheamh a ré go léir,Tá an t‑urchóideach á chiapadhAgus tá blianta an tíoránaigh arna ríomhadh.
21 Tá glórtha bagracha ina chluasaAgus tiocfaidh an scriostóir air i lár a chonáigh.
22 Ní bheidh aon dóchas aige go bhfillfidh sé ón dorchadas;Tá a fhios aige gurb é an claíomh is dán dó,
23 Agus a bheith ina bhia ag badhbha.Tá a fhios aige go bhfuil an mí-ádh mar chinniúint aige,
24 Agus cuireann lá an dorchadais scanradh air;Faigheann buairt agus dálghas an lámh in uachtar air,Amhail agus dá mbeadh rí éigin ar tí a ionsaithe.
25 Óir shín sé a lámh in aghaidh Dé,Agus leomhaigh sé dúshlán an Uilechumhachtaigh a thabhairt.