22 Ní bheidh aon dóchas aige go bhfillfidh sé ón dorchadas;Tá a fhios aige gurb é an claíomh is dán dó,
23 Agus a bheith ina bhia ag badhbha.Tá a fhios aige go bhfuil an mí-ádh mar chinniúint aige,
24 Agus cuireann lá an dorchadais scanradh air;Faigheann buairt agus dálghas an lámh in uachtar air,Amhail agus dá mbeadh rí éigin ar tí a ionsaithe.
25 Óir shín sé a lámh in aghaidh Dé,Agus leomhaigh sé dúshlán an Uilechumhachtaigh a thabhairt.
26 Thug sé ruathar ceanndána faoile sciath ramharbhocóideach.
27 Bhí brat blonaige ar a cheannaitheAgus sprochaillí saille ar a cheathrúna.
28 Chuir sé faoi i gcathracha scriostaAgus lonnaigh i dtithe tréigthe,A bhfuil i ndán dóibh bheith ina bhfothracha.