25 Óir shín sé a lámh in aghaidh Dé,Agus leomhaigh sé dúshlán an Uilechumhachtaigh a thabhairt.
26 Thug sé ruathar ceanndána faoile sciath ramharbhocóideach.
27 Bhí brat blonaige ar a cheannaitheAgus sprochaillí saille ar a cheathrúna.
28 Chuir sé faoi i gcathracha scriostaAgus lonnaigh i dtithe tréigthe,A bhfuil i ndán dóibh bheith ina bhfothracha.
29 Ní bheidh sé saibhir, ná ní mhairfidh a mhaoin,Ná ní leathfaidh a [scáth] i bhfad eile ar talamh.
30 Ní scarfaidh sé leis an dorchadas;Loscfaidh lasair a bhachlógaAgus scuabfaidh an ghaoth a pheaca ar shiúl.
31 Ná téadh sé i muinín a thoirt;Tá breall air, níl aon tathag ann.