3 An ndéanann sé a chúis a phlé le caint gan éifeachtAgus le briathra gan tairbhe?
4 Sea, tá eagla Dé á cur ar shiúl agatAgus tá urraim á diúltú agat dó.
5 D'urchóid a spreagann do ráite béil,Agus is gean leat teanga na gcleasaithe.
6 Daorfar thú as do bhéal féin, agus ní as mo bhéalsa,Agus is iad do bheola féin a thabharfaidh fianaise i d'aghaidh.
7 An tú céadghin an chine dhaonna?Nó ar saolaíodh thú roimh na sléibhte?
8 Ar chuala tú rún Dé?Ar ghlac tú an eagna chugat féin amháin?
9 Cén t‑eolas atá agatsa nach bhfuil againne?Cén intlíocht atá agat nach bhfuil againne freisin?