32 Feofaidh a ghéaga roimh a n‑am;Ní bheidh a chraobha glas.
33 Ligfidh sé dá thorthaí titim agus gan iad abaí, dála na bhfíniúna,Agus caithfidh sé uaidh a bhláth dála na holóige:
34 Óir níl an rath ar chuideachta na n‑urchóideach,Agus loscfar bothanna na breibe le tine.
35 Óir gineann siad mailís agus beireann siad an urchóid,Agus déanann a mbroinn an chalaois a réiteach.