6 Daorfar thú as do bhéal féin, agus ní as mo bhéalsa,Agus is iad do bheola féin a thabharfaidh fianaise i d'aghaidh.
7 An tú céadghin an chine dhaonna?Nó ar saolaíodh thú roimh na sléibhte?
8 Ar chuala tú rún Dé?Ar ghlac tú an eagna chugat féin amháin?
9 Cén t‑eolas atá agatsa nach bhfuil againne?Cén intlíocht atá agat nach bhfuil againne freisin?
10 Tá an ceann liath agus an críonna inár measc,Agus aos acu thar mar atá ag d'athair.
11 An beag ort na sóláis ó Dhia?Agus an focal a labhraíonn go cneasta leat?
12 Cén fáth a mbaineann do racht de do bhonna thú?Agus go bhfuil faghairt i do shúile?