15 D'fhuaigh mé éadach róin ar mo chraiceannAgus sádh mo cheann sa lathach.
16 Tá mo cheannaithe craorag le neart goil,Agus tá gruaim mar ualach ar fhabhraí mo shúl.
17 Cé nach bhfuil an lámh láidir ag roinnt liom,Agus gur íon í mo phaidir.
18 Ná clúdaigh m'fhuil, a chré,Agus ná bíodh áit suaimhnis ag m'olagón.
19 Anois féin, féach, tá m'fhinné ar neamh,Agus tá mo chosantóir ansiúd thuas.
20 Sé mo ghlao chun Dé is abhcóide agam;Ritheann na deora ó mo shúile ina láthair.
21 Déanann sé cás duine a thagairt i láthair DéMar a dhéanfadh mac an duine ar son a chomharsan.