4 D'fhéadfainnse freisin labhairt mar thusa,Dá mbeadh d'anamsa in áit m'anamasa.An ndéanfainn thú a chiapadh le focail?Nó mo cheann a chroitheadh ort?
5 Thabharfainn misneach duit le briathra mo bhéilAgus ní dhiúltóinn sólás mo bheola.
6 Dá labhróinn ní bheadh laincis ar mo dhoilíos;Dá scorfainn ní fhágfadh sé mé.
7 Anois ghoin mo chara cumainn méAgus ciapann mo chuideachta go léir mé.
8 D'éirigh sé mar fhinné i mo choinne,Mar chúlghearrthóir, ag tabhairt fianaise i m'aghaidh.
9 Mhill a fhearg é, agus tugann sé fogha fúmsa;Tá a fhiacla á ndrannadh aige i m'aghaidhAgus tá mo naimhde ag stánadh orm.
10 Tá a mbéal ar leathadh acu i mo choinneAgus bhuail siad mé sa leiceann go fonóideach;Tá rith an rása leo i m'aghaidh.