6 Dá labhróinn ní bheadh laincis ar mo dhoilíos;Dá scorfainn ní fhágfadh sé mé.
7 Anois ghoin mo chara cumainn méAgus ciapann mo chuideachta go léir mé.
8 D'éirigh sé mar fhinné i mo choinne,Mar chúlghearrthóir, ag tabhairt fianaise i m'aghaidh.
9 Mhill a fhearg é, agus tugann sé fogha fúmsa;Tá a fhiacla á ndrannadh aige i m'aghaidhAgus tá mo naimhde ag stánadh orm.
10 Tá a mbéal ar leathadh acu i mo choinneAgus bhuail siad mé sa leiceann go fonóideach;Tá rith an rása leo i m'aghaidh.
11 Tá Dia do mo thabhairt suas don urchóideach,Agus do mo chaitheamh i lámha na gcoirpeach.
12 Bhí mé ar mo shuaimhneas nó gur bhris sé ó chéile mé.Rug sé ar mhuineál orm agus rinne smionagar díom.Rinne sé a sprioc díom.