9 Mhill a fhearg é, agus tugann sé fogha fúmsa;Tá a fhiacla á ndrannadh aige i m'aghaidhAgus tá mo naimhde ag stánadh orm.
10 Tá a mbéal ar leathadh acu i mo choinneAgus bhuail siad mé sa leiceann go fonóideach;Tá rith an rása leo i m'aghaidh.
11 Tá Dia do mo thabhairt suas don urchóideach,Agus do mo chaitheamh i lámha na gcoirpeach.
12 Bhí mé ar mo shuaimhneas nó gur bhris sé ó chéile mé.Rug sé ar mhuineál orm agus rinne smionagar díom.Rinne sé a sprioc díom.
13 Agus tá a urchair á gcaitheamh ar gach taobh díom.Goineann sé mé sna leasracha, gan trua gan taise;Tá mo dhomlas á dhoirteadh aige ar an talamh.
14 Briseann sé mé mant ar mhant,Agus tugann ruathar fúm mar a dhéanfadh laoch.
15 D'fhuaigh mé éadach róin ar mo chraiceannAgus sádh mo cheann sa lathach.