1 Tá mo spiorad le scrios,Tá mo laethanta caite,An uaigh atá i ndan dom.
2 Tá lucht fonóide i mo thimpeall,Agus is í a mailís taibhreamh na súl oscailte agam.
3 Ceap, más ea, urra orm i do láthair;Cé rachaidh i mbannaí orm?
4 Chuir tú an tuiscint i bhfolach óna gcroí,Uime sin ní ligfidh tú an bua leo.
5 Dála an duine a thugann cuireadh chun bia dá chairde,Agus súile a chlainne gan preab iontu,
6 Mar sin a rinne sé nath díom i measc na gciníocha;Níl ionam ach créatúr le seile a chaitheamh san aghaidh air.