1 Ansin d'fhreagair Iób agus dúirt:
2 An fada a bheidh sibh do mo chiapadhAgus do mo bhascadh le focail?
3 Thug sibh tarcaisne dom deich n‑uaireAgus mhaslaigh sibh mé go mínáireach.
4 Fág go ndeachaigh mé amú,Nach bhfanann mo locht faram féin?[Labhair mé focail gan tairbhe,Ba trí dhearmad a labhair mé, agus le barr aineolais.]
5 Má bhíonn sibh uaibhreach liom,Agus argóint i mo choinne a dhéanamh de mo náire,
6 Bíodh a fhios agaibh gurb é Dia a chuir san éagóir mé,Agus a dhún a líon i mo thimpeall.
7 Féach! glaoim in aghaidh an éigin, ach ní thugtar freagra orm.Iarraim cabhair, ach ní bhíonn ceart le fáil agam.