15 Is strainséar mé dar le mo bhanseirbhísigh;Níl ionam ach duine deoranta dar leo.
16 Glaoim ar mo sheirbhíseach, ach freagra ní thugann sé;Ní foláir dom dul ag tathant air.
17 Is bréan le mo bhean an anáil asam,Agus is gráin le mo bhráithre cíche mé.
18 Tá drochmheas ag na leanaí féin orm;Nuair a thagaim i láthair labhraíonn siad i mo choinne.
19 Is fuath le mo chairde cléibh mé,Agus an mhuintir dá dtug mé grá, d'iompaigh siad i m'aghaidh.
20 Tá mo chuid feola ag lobhadh faoi mo chraiceann,Tá mo chnámha ag gobadh amach ar nós fiacal.
21 Bíodh trua agaibh dom, a chairde liom, bíodh trua agaibh dom,Óir threascair lámh Dé mé.