18 Tá drochmheas ag na leanaí féin orm;Nuair a thagaim i láthair labhraíonn siad i mo choinne.
19 Is fuath le mo chairde cléibh mé,Agus an mhuintir dá dtug mé grá, d'iompaigh siad i m'aghaidh.
20 Tá mo chuid feola ag lobhadh faoi mo chraiceann,Tá mo chnámha ag gobadh amach ar nós fiacal.
21 Bíodh trua agaibh dom, a chairde liom, bíodh trua agaibh dom,Óir threascair lámh Dé mé.
22 Cad chuige a ndéanann sibh mé a chiapadh ar nós Dé?Nach bhfuil bhur sáith de m'fheoil ite agaibh?
23 Mo mhairg nár scríobhadh síos mo bhriathra,Nár inscríobhadh iad ar scrolla,
24 Nár greanadh iad, le peann iarainn agus le luaidhe,Ar charraig go brách.