20 Tá mo chuid feola ag lobhadh faoi mo chraiceann,Tá mo chnámha ag gobadh amach ar nós fiacal.
21 Bíodh trua agaibh dom, a chairde liom, bíodh trua agaibh dom,Óir threascair lámh Dé mé.
22 Cad chuige a ndéanann sibh mé a chiapadh ar nós Dé?Nach bhfuil bhur sáith de m'fheoil ite agaibh?
23 Mo mhairg nár scríobhadh síos mo bhriathra,Nár inscríobhadh iad ar scrolla,
24 Nár greanadh iad, le peann iarainn agus le luaidhe,Ar charraig go brách.
25 Is eol dom go maireann mo chosantóir beo,Agus go seasóidh seisean, an neach deireanach, an fód go daingean ar talamh.
26 Dá bhfeicfinn é ar scaradh le mo chneas,Dá bhfaighinn radharc ar mo Dhia agus mé díchollaithe,