6 Bíodh a fhios agaibh gurb é Dia a chuir san éagóir mé,Agus a dhún a líon i mo thimpeall.
7 Féach! glaoim in aghaidh an éigin, ach ní thugtar freagra orm.Iarraim cabhair, ach ní bhíonn ceart le fáil agam.
8 Chuir sé bac ar mo bhóthar agus ní féidir dom gabháil thairis.Chuir sé an dorchadas ina bhrat ar mo chosán.
9 D'fhuadaigh sé mo ghlóir,Agus bhain an choróin de mo cheann.
10 Rinne sé mé a bhascadh ó gach taobh, agus ghéill mé.Stoith sé mo dhóchas mar phlanda as an talamh.
11 D'adhain sé a fhearg i m'aghaidh,Agus d'áirigh sé mé mar namhaid dó.
12 Tháinig a fhorsaí i m'aghaidh in éineacht,Thug siad ruathar fúm,Agus chuir léigear ar mo bhoth.