12 Canann siad le ceol tiompáin agus cláirsí,Agus bíonn siad ag rangás le poirt na feadóige.
13 Caitheann siad a ré faoi lúcháir,Agus téann siad síos go Seól faoi shíocháin.
14 Ach is iadsan a deir le Dia: “Imigh uainn!Ní áil linn eolas a chur ar do bhealaí!
15 Cad ab áil linn bheith ag fónamh don Uilechumhachtach,Agus cén tairbhe a bheidh againn má ghuímid chuige?”
16 “Ní ar a láimh féin atá a gconách,Agus is fada ó Dhia comhairle na gcoirpeach”
17 - An minic a mhúchtar lampa na gcoirpeach?Nó a thagann an tubaiste sa mhullach orthu?An roinneann sé pianta ina racht feirge?
18 An cuma iad nó diasa á séideadh ag an ngaoth,Nó cáith a scuabadh ag an stoirm?