19 Deir sibh: “Déanann Dia pionós an duine a chur i dtaisce dá chlann.”Déanadh sé díoltas air féin - d'fhonn go mbeadh a fhios aige!
20 Go bhfeice a shúile féin a scrios,Agus go n‑ola sé fearg an Uilechumhachtaigh!
21 Óir cén mhairg dó a theach ina dhiaidh,Nuair atá líon a mhíonna thart?
22 “Cé a d'fhéadfadh ceachta san eagna a thabhairt do Dhia,Agus gurb é a thugann breith ar na huachtaráin?”
23 Faigheann duine bás i mbarr a chumais,Agus é go sona sásta ar fad,
24 A cheathrúna ramhar méith,Agus smior a chnámh gan seascadh.
25 Faigheann duine eile bás agus é searbh ó chroí,Gan aon aoibhneas riamh a bhlaiseadh.