23 Faigheann duine bás i mbarr a chumais,Agus é go sona sásta ar fad,
24 A cheathrúna ramhar méith,Agus smior a chnámh gan seascadh.
25 Faigheann duine eile bás agus é searbh ó chroí,Gan aon aoibhneas riamh a bhlaiseadh.
26 Luíonn siad le chéile sa chré,Agus brat cruimheanna orthu.
27 Is maith is eol dom bhur smaointeAgus na bearta atá á dtaibhreamh daoibh i m'aghaidh,
28 Óir deir sibh: “Cá bhfuil teach an fhlatha?Agus cá bhfuil an both inar lonnaigh an coirpeach?”
29 Nár chuir sibh riamh ceist ar lucht taisteal na slí?Nó ar bhain sibh míchiall as séadchomharthaí?