18 Líonann sé a dtithe le hiolmhaitheasaí,Agus is cian uaidh comhairle na n‑urchóideach.”
19 Feiceann na fíréin an méid sin agus bíonn áthas orthu,Agus bíonn na neamhchiontaigh ag fonóid fúthu:
20 “Scriosadh a [réim] go dearfa,Agus loscadh a gconách le tine!”
21 Déan réiteach le Dia agus bíodh síocháin agatAgus rachaidh sin go mór i dtairbhe duit.
22 Cuir fáilte roimh bhriathra a bhéil,Agus taiscigh a theagasc i do chroí
23 Más áil leat filleadh ar an Uilechumhachtach agus tú a thógáil aníos,Díbir an urchóid ó do bhoth,
24 Agus caith an t‑ór sa luaithreach,Agus ór Óifír ar ghrinneall na habhann;