22 Cuir fáilte roimh bhriathra a bhéil,Agus taiscigh a theagasc i do chroí
23 Más áil leat filleadh ar an Uilechumhachtach agus tú a thógáil aníos,Díbir an urchóid ó do bhoth,
24 Agus caith an t‑ór sa luaithreach,Agus ór Óifír ar ghrinneall na habhann;
25 Ansin beidh an tUilechumhachtach agat mar ór,Nó mar airgead ina charnáin.
26 Beidh an tUilechumhachtach agat mar ábhar lúcháire,Agus ardóidh tú do ghnúis chun Dé.
27 Guífidh tú chuige, agus éistfidh sé leat,Agus comhlíonfaidh tú do mhóide.
28 Má bheartaíonn tú cúrsa, rithfidh leat,Agus lonróidh solas ar do bhealaí.