4 An de bharr do dhúthrachta a chuireann sé pionós ortAgus a théann sé chun breithiúnais leat?
5 Nach mór í d'urchóid,Agus nach bhfuil do choireanna gan teorainn?
6 Bhítheá ag éileamh geall gan chúis ar do bhráithre,Agus ag sciobadh a gcuid éadaigh ón mbocht.
7 Níor thug tú deoch uisce don tuirseach,Agus dhiúltaigh tú arán don ocrach.
8 Ach is ag an tréan atá seilbh ar an talamh,Agus tá cónaí ar an gcumasach ann.
9 Lig tú na baintreacha uait folamhAgus bhasc tú géaga na ndílleachtaí.
10 Uime sin tá gaistí i do thimpeallAgus uafás tobann do do sceimhliú.