6 Bhítheá ag éileamh geall gan chúis ar do bhráithre,Agus ag sciobadh a gcuid éadaigh ón mbocht.
7 Níor thug tú deoch uisce don tuirseach,Agus dhiúltaigh tú arán don ocrach.
8 Ach is ag an tréan atá seilbh ar an talamh,Agus tá cónaí ar an gcumasach ann.
9 Lig tú na baintreacha uait folamhAgus bhasc tú géaga na ndílleachtaí.
10 Uime sin tá gaistí i do thimpeallAgus uafás tobann do do sceimhliú.
11 Dorchaíodh do sholas agus dalladh thú,Agus tá an díle do do bhá.
12 Nach bhfuil cónaí ar Dhia in uachtar neimhe[Ag féachaint anuas] ar na réaltaí is airde?