13 Is cuma iad nó naimhde an tsolais;Ní eol dóibh a bhealaí,Agus seachnaíonn siad a chosáin.
14 Éiríonn an dunmharfóir roimh lá,Leis an mbocht agus an dealbh a mharú.Téann an gadaí timpeall san oíche,
15 Bíonn an t‑adhaltrach ag tnúth leis an gcamhaoir,Á rá: Ní bhfaighfear radharc orm,Agus cuireann sé brat thar a aghaidh.
16 Agus briseann isteach i dtithe sa dorchadas.Sa lá téann siad i bhfolach;Ní eol dóibh siúd an solas.
17 Dóibh go léir, sí an mhaidin an tráth is dorcha,Mar is eol dóibh a huafáis.
18 Deir sibh: “Is tapa a scuabfaí ar shiúl iad ar dhromchla na n‑uiscí;Bheadh mallacht ar a gcuid den talamh.Ní thabharfadh a bhfíonghort toradh uaidh cheal uisce.
19 Scuabfadh uiscí an tsneachta a ngairdíní le fána.Dá scrúdódh Dia an peacach,