15 Bíonn an t‑adhaltrach ag tnúth leis an gcamhaoir,Á rá: Ní bhfaighfear radharc orm,Agus cuireann sé brat thar a aghaidh.
16 Agus briseann isteach i dtithe sa dorchadas.Sa lá téann siad i bhfolach;Ní eol dóibh siúd an solas.
17 Dóibh go léir, sí an mhaidin an tráth is dorcha,Mar is eol dóibh a huafáis.
18 Deir sibh: “Is tapa a scuabfaí ar shiúl iad ar dhromchla na n‑uiscí;Bheadh mallacht ar a gcuid den talamh.Ní thabharfadh a bhfíonghort toradh uaidh cheal uisce.
19 Scuabfadh uiscí an tsneachta a ngairdíní le fána.Dá scrúdódh Dia an peacach,
20 Dhéanfadh an bhroinn a dhealbhaigh é dearmad air,Agus ní thabharfaí a ainm chun cuimhne a thuilleadh.Mar sin a bhascfaí an urchóid mar a dhéanfaí crann.”
21 Mhaslaigh sé an bhean aimrid nár iompair leanbh,Agus ní raibh sé cneasta leis an mbaintreach.