3 Tiomáineann siad asal an dílleachta chun siúil,Agus tógann siad damh na baintrí mar gheall.
4 Seachnaíonn lucht déirce anois na bóithre móra,Agus téann bochta na tíre go léir i bhfolach.
5 Imíonn siad amach faoin bhfásach ar nós na n‑asal fiáin,Agus ocras a gclainne [á ngriogadh]Chun bia a lorg sna steipeanna loma.
6 Ní mór dóibh fómhar a bhaint i ngort duine eile,Agus na caora fáin a phiocadh i bhfíonghort an urchóidigh.
7 Caitheann siad an oíche tarrnocht, gan éadach,Gan brat lena gcosaint ón bhfuacht.
8 Fliuchtar go craiceann iad ó fhearthainn na sléibhte,Agus le heaspa fothana, síneann siad le taobh carraige.
9 Baintear a dtalamh de leanaí gan athair,Agus tógtar [brat] an bhochtáin mar gheall.