1 Ansin d'fhreagair Iób, agus dúirt:
2 Nach breá an chabhair a thug tú don lag!Nach mór an fhuascailt a rinne tú ar an ngéag thláith!
3 Nach maith an chomhairle a thug tú don aineolach!Agus an misneach don lagmhisniúil.
4 Ach cé leis a ndearna tú do chomhráite?Agus cé leis an spiorad a tháinig uait?
5 Bíonn na Rafáím ar crith faoin talamh thíos,Bíonn eagla ar na huiscí agus ar a lucht áitribh.
6 Tá Seól tarrnocht os a chomhair,Agus Abadón gan bhrat.