6 Tá Seól tarrnocht os a chomhair,Agus Abadón gan bhrat.
7 Eisean a leath an Roinn Thuaidh thar an bhfolúsAgus a chroch an chruinne ar neamhní.
8 Cheangail sé na huiscí ina néalta,Agus níor stróiceadh na scamaill faoina n‑ualach.
9 Chlúdaigh sé aghaidh na [lánré],Agus leath sé a néal thairsti.
10 Chuir sé fáinne thart ar dhromchla na n‑uiscí,Ag an teorainn idir solas agus dorchadas.
11 Tagann creathán ar cholúin na spéire,Agus uafás, nuair a chloiseann siad é ag bagairt.
12 Chiúnaigh sé an fharraige lena chumhacht,Agus threascair sé Ráhab lena éirim.