11 Nuair a chuala an chluas mé, chuir sí a beannacht orm,Agus nuair a chonaic an tsúil mé thug sí fianaise orm.
12 Óir d'fhuascail mé an bocht nuair a ghlaoigh sé,Agus an dílleachta a bhí gan lámh chúnta.
13 Tháinig beannacht orm ón té a bhí ag saothrú an bháisAgus chuir mé lúcháir ar chroí na baintrí.
14 Chuir mé an fhíréantacht umam mar bhrat;Ba gheall le caidhp agus clóca agam an ceart.
15 Ba shúile mé don dall,Agus cosa don bhacach.
16 Ba athair mé don bhochtán,Agus d'iniúch mé cúis an duine anaithnid.
17 Bhris mé giall an éagóraighAgus sciob mé a chreach óna fhiacla.