4 Mar a bhí mé i laethanta mo shéin,Nuair a chuir Dia fál timpeall mo bhotha;
5 Nuair a bhí an tUilechumhachtach fós faram,Agus mo chlann i mo thimpeall;
6 Nuair a bhí mo chosa á ní le huachtar,Agus ola ina slaoda ó na carraigeacha!
7 Nuair a ghabh mé amach go geata na cathrach,Nuair a shuigh mé in áit an mhargaidh,
8 Chonaic na hógánaigh mé agus chuaigh siad i leataobh,Agus d'éirigh na seanóirí ina seasamh.
9 Scoir na flatha den chaint.Agus leag méara ar a mbeola.
10 D'éist glór na dtaoiseach,Agus níor bhog a dteanga ón gcarball.