8 Chonaic na hógánaigh mé agus chuaigh siad i leataobh,Agus d'éirigh na seanóirí ina seasamh.
9 Scoir na flatha den chaint.Agus leag méara ar a mbeola.
10 D'éist glór na dtaoiseach,Agus níor bhog a dteanga ón gcarball.
11 Nuair a chuala an chluas mé, chuir sí a beannacht orm,Agus nuair a chonaic an tsúil mé thug sí fianaise orm.
12 Óir d'fhuascail mé an bocht nuair a ghlaoigh sé,Agus an dílleachta a bhí gan lámh chúnta.
13 Tháinig beannacht orm ón té a bhí ag saothrú an bháisAgus chuir mé lúcháir ar chroí na baintrí.
14 Chuir mé an fhíréantacht umam mar bhrat;Ba gheall le caidhp agus clóca agam an ceart.