3 Scrios ar an lá a rugadh méAgus ar an oíche a dúirt: “Gineadh mac.”
4 Gura dorchadas an lá sin!Nár chuire Dia in Airde aon spéis ann!Nár lonraí solas air.
5 Gura seilbh dhílis ag gruaim agus ag scáil an bháis é!Go luí na scamaill air,Agus go scanraí urú an lae é!
6 Go bhfaighe dorchadas tiubh greim ar an oíche úd,Nár [chuirtear] í le laethe na bliana,Nár áirítear i le líon na míonna!
7 Bíodh an oíche úd gruama,Nár thaga gáir áthais ina gaire!
8 Go gcuire mallachtóirí an lae a mallacht uirthi,Agus an mhuintir atá réidh Leiviatan a mhúscailt!
9 Gura dorcha iad réaltaí a camhaoire;Ná bíodh toradh ar a fuireach le solas;Nár fheice sí fabhraí na maidine!