1 Ach is ceap magaidh mé anoisAg na sóisir, ag dream is óige ná mé féin,Nárbh fhiú liom a n‑aithreachaA chur i bhfeighil mo thréad le mo mhadraí.
2 Cén tairbhe dom neart a lámh,Mar ní raibh aon lúth fágtha sa dream úd
3 Le gannchúis agus le gorta!Bhídís ag cogaint fréamha luíonna an fhásaigh,
4 Agus na leamhaí buí agus duilliúr na dtor;Ní raibh de bhia acu ach fréamh an aitinn.
5 Tiomáineadh ó chomhluadar daoine iad;Tógadh liú ina n‑aghaidh dála an ghadaí;
6 Níor mhór dóibh cur fúthu in aillteacha na ngleannta,In uaimheanna talún agus i bpluaiseanna carraige.
7 Bhídís ag lógóireacht i measc na dtor,Agus ag brú ar a chéile sna neantóga.