13 Tá bac ar mo chosáin go léir acu le mé a scrios;Ritheann leo agus níl aon duine lena gcosc.
14 Tagann siad ar aghaidh mar a bheadh trí bhearna leathan,Agus basctar mé faoin mbruscar.
15 Scaoileadh uafáis liom,Agus séideadh m'onóir chun siúil, mar a bheadh le gaoth,Agus d'imigh mo chonách uaim mar a bheadh néal.
16 Tá m'anam ag leá uaim,Agus greim ag laethanta péine orm.
17 Bíonn doitheacha i mo chnámha san oíche;Bíonn pianta do mo chreimeadh gan sos.
18 Rug [Dia] ar bhrat orm le teann nirt,Agus fuair greim ar bhóna m'fhallainge.
19 Chaith sé sa dríb méAgus is cuma mé nó lathach is luaithreach.